Glao curtha ar bhunscoil lán-Bhéarla faoi mhír a dhéanamh sa scoil do Nuacht Cúla4:
""Oh no, we wouldn't have any interest in Irish, we're not a Gaelscoil," a deir an príomhoide.
💔
Suite ar ✈ dhá nóim.
Feiceann 🏴 in aice liom an pas 🇮🇪:
"You Irish are causing all sorts of trouble with that border, ain't you?"
A Íosa Mhaith is a Mháthair Shéimh, cuirfidh mé an t-eitleán seo den spéir le mo dhá láimh.
Théadh Dad go siopa iasc go rialta, thug an t-iascaire faoi deara nach raibh sé ann le fada, d'fhiosraigh sé an scéal, chuala gur bhásaigh Dad, agus tháinig ag an teach le cárta agus mála mór iasc inniu 💙
Amárach mo lá deiridh ar an stiúir ag
@nosmag
. Ar cheann de na rudaí a chuir mé romham in 2018 ná scríbhneoirí nua a aimsiú agus 'rialtacht' éigin a bheith sna hailt, sa méid agus ab fhéidir.
Chuir 84 scríbhneoir nua peann le pár ó shin agus cuid acu an-bhisiúil go deo!
"The Russian Tsar"
"The Kaiser"
"Caeser"
"The Sultan"
"The Maharaja"
"The Caliph"
"German Chancellor"
"The Dalai Lama"
"Imam"
"Mandarin"
"Monsignor"
"Pastor"
"The Pharoah"
"Rabbi"
"Shaman"
"Tetrarch"
...
...
...
"The Irish PM"
#taoiseach
Chuaigh mé go Meiriceá agus ar ais ar €180 le Norwegian agus litrigh siad m'ainm i gceart.
Tá cúpla céad euro ar thicéad le Aer Lingus agus ní féidir leo síneadh fada a chur ar ghuta.
Briste: ag ceannacht cártaí Béarla
Cliste: ag ceannacht cártaí Gaeilge ó chomhlachtaí móra in Aldi agus Eason's.
Ríchliste: ag ceannacht cártaí deartha ag ealaíontóirí aonair/comhlachtaí beaga i siopaí ar nós
@ansiopaleabhar
Just two years ago it was listed as one of 12 European languages in danger of extinction. Today, from movies, to books, to music - to the TG4 intern's Twitter account
@TG4TV
- our native language is having a cultural moment
Fadhb an Ghaeilgeora (mise) nach mbíonn ag an mBéarlóir: ag cur airgid agus spáis amú ar leabhra deasa gleoite Gaeilge do ghasúir nach bhfuil agam ar fhaitíos go mbeidh gasúir agam amach anseo agus go mbeidh na leabhra deasa gleoite Gaeilge as cló.
Seomra ar : €200.
Seomra ar shuíomh idirlín an tí lóistín: €180
Costas don chainteoir Gaeilge a ghlaoigh ar an teach lóistín Gaeltachta: €160.
#aneuroGaelach
Níor airigh mé chomh scartha amach ón Eoraip ariamh cheana agus mé ag breathnú ar na teachtaireachtaí atá á gcur amach ag ceannairí na hEorpa faoi Gaza.
Is léir don dall go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael.
Irish requirement for teaching training a barrier to a diverse workforce -
@AodhanORiordain
“The need for Higher Level Irish at Leaving Cert level jars with other mandatory subjects.
👉 ..
Ceann deiridh: Seachtain chrua agus an oiread áthais orm an méid sin de lucht Twitter a fheiceáil sa séipéal le slán a rá le Tommy the Watch. Grá mo chroí sibh 💙 fanacht fhada romham sula mbeidh an chéad aidbhintiúr eile againn.
D'fhoilsigh Gaelchultúr 'Gaeilge Gan Stró' don bhunleibhéal agus don mheánleibhéal, ach ní dheachaigh siad níos faide ná sin mar bíonn go leor leor stró i gceist i ndiaidh an mheánleibhéil.
Éisteacht le RnaG, scríobh ar na meáin shóisialta as GA, léamh leabhar GA...má dhéanann tú rudaí mar sin chuile lá, déarfainn gur 'cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais' thú fiú mura mbíonn an deis agat í a labhairt ó bhéal le cainteoir eile
#daon
áireamh2022
D'fhág muid slán inniu le cara caoin caomh, Oisín Ó Ceallaigh a d'imigh uainn i bhfad róluath an mhí seo caite. Cara mór agus mo chéile tí i mBéal Feirste. Beidh sé deacair filleadh ar an gcathair dá uireasa. Suaimhneas síoraí ar a anam álainn uasal 💞
Tá mé i m'eagarthóir ar
@nosmag
le trí bliana anois.
Go raibh maith ag
@TomaiRua
as an deis agus an tacaíocht.
Go raibh maith ag na scríbhneoirí uilig as an obair iontach (iomarca agaibh ann le clibeáil!).
Agus go raibh míle maith ag na léitheoirí as spéis a chur san obair😘.
Mam ag caint faoi dhaoine atá ag gearán faoi bheith sáinnithe sa teach ar feadh tamaill:
"Léadh siad Dialann Anne Frank agus iad ann agus tuigfidh siad 'sáinnithe sa teach' sách sciobtha".
Fair enough.
Bhí Thiago Cortes i measc na ndaoine a choinnigh bia ar an mbord do na dochtúirí, na haltraí, na hoibrithe éigeandála eile, agus an chathair uilig i gcroí na paindéime. Mharaigh tiománaí é agus é i mbun oibre. Fágadh ar thaobh an bhóthair é.
Tá mé ar bís gur éirigh liom sa measúnacht 'Ceannaire Sléibhte' a reáchtáladh i Sléibhte Dhoire Bheatha i nGaeltacht Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo 🤩
⛰️Maitiú Mór na mBeann ⛰️
Chonaic mé
@quietgirlfilm
ar deireadh anocht. Ní raibh mé riamh i bpictiúrlann a raibh an oiread sin daoine ag caoineadh inti ag deireadh scannáin. Ar cheann de na scannáin is áille a tháinig as an tír seo.
Cén fáth a gcaithfidh "líon teoranta" de na rudaí seo a bheith ann i gcónaí? Arán Brennan's, Tayto, agus anois Cadbury? Cén fáth nach féidir pacáistiú Gaeilge a bheith ann ó cheann ceann na bliana seachas mar ghimic Sheachtain na Gaeilge?
Have you seen our limited edition Bainne Déiríochta (that’s Dairy Milk in Irish) 360g bars yet? They’re available in
@TescoIrl
and
@Dunnesstores
now while stocks last.
Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus tú amuigh faoin aer? Beidh mé ag treorú ar chúrsaí siúil sléibhe
@OideasGael
an samhradh seo Bí linn don chraic, ceol, Gaeilge, agus radhairc áille 🤩 seo mar a bhí againn an deireadh seachtaine seo
Brandaí a bhfuil ainm atá 'deacair le rá' orthu:
Mercedes
Cisco
Louis Vuitton
Gillette
Hyundai
Volkswagen
Huawei
Allianz
Cartier
Dior
Subaru
L'Oréal
Gucci
L'Occatane
Deutsche Bank
Dom Pérignon
Longines
Stella Artois
Yves Saint Laurent
Schwarzkopf
Tag Heuer
Lamborghini
Tá m'aintín (74) ag iarraidh orm 48 piollaire paracetemol a cheannacht di le go mbeidh sí in ann 12 piollaire a thógáil in aghaidh an lae mar gur "cosaint ar an víreas" é. Stopaigí ag scaipeadh seafóide le bhur dtoil, tá sé friggin contúirteach.