Tá an scoil ag cur iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne.
The school provides a Post Primary Education through the medium of Irish.
Bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha buaite ag Josie Knight ar maidin. Comhghairdeas ó chroí leat Josie. Táimid an-bhródúil asat! Josie Knight and team GB broke the world record in their semi this morning to guarantee a silver medal . They just lost out to Germany in the final!
Go n-éirí le Marc Ó Conchúir, iar-scoláire atá ag imirt le Geelong Cats i gcoinne Richmond san AFL Grand Final. Beidh sé ar siúl maidin Dé Sathairn ar a 8:30am. Go n-éirí leat, a Mharc. Geelong Cats Abύ!
Tá Marc Ó Conchúir, iar-scoláire dár gcuid, ar fhoireann na Geelong Cats a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na Sydney Swans i gCluiche Ceannais Caide na hAstráile, Dé Sathairn seo chugainn. Guimíd gath rath oraibh!
Bhuail daltaí PCD le Tomás Mac an tSaoir ag aerfort BÁC ar maidin. Bhí daltaí na hIdirbliana ar an slí go dtí an Spáinn chun píosa don gCamino a shiúl agus bhí Tomás ar a shlí abhaile tar éis dó rothaíocht síos tríd ilchríoch na hAfrice!!
Ar an lá seo 10 mbliana ó shin, d’éirigh le grúpa speisialta imreoirí an 7ú Craobh uile Éireann sa chispheil a bhuachaint do Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Gaisce thar na ngaiscí.
Fé 19A - PCD 50, Naomh Iosaef, Mainistir na Féile 46.
Bain súp as na cuimhní.
[1/2]
Comhghairdeas le Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich a bhuaigh gradam mór inniu i gcomórtas Chraobh na hÉireann eile. Comhghairdeas lena múinteoir Trish Uí Éanacháin. Nár laga Dia sibh!
Míle fáilte roimh Bhliain 1 agus 6 atá tagtha thar n-ais ar scoil chugainn. Is iontach an rud é sibh a bheith anseo. Go n-éirí libh. Beimid ag cur fáilte roimh Bhliain 5 amárach!
Tá Nóirín agus Mary chomh maith le Geraldine agus Máire Uí Dhubhdaigh tar éis éirí as. Múinteoirí iontacha a bhí ciallmhar, stuama, cineálta agus ar son na ndaltaí i gcónaí. Braithimid uainn sibh!
Tá Cillian Ó Failbhe, iar-scoláire dúinn ó Abhainn an Scáil ainmnithe mar Imreoir Óg na Bliana, Cúige Mumhan, faoi 20 bliain d'aois. Ana-imreoir caide is ea é, nár laga Dia é!
Go n-éirí le painéal agus banistíocht Chiarraí ar an nDomhnach, go mór mhór ár n-iarscoláirí Brian Ó Beaglaoich, Tomás Ó Sé, Tom Ó Súilleabháin, Paul Geaney, Mikey Geaney, Conor Geaney agus le Tommy Griffin. Ciarraí abú!
Tá Niamh Ní Chonchúir agus Louise Ní Mhuircheartaigh, iarscoláirí dár gcuid ag imirt le foireann Chiarraí inniu i bPáirc an Chrócaigh sa Cluiche Ceannais Roinn 2 Shraith Náisiúnta Lidl.. Go n-éirí libh agus leis an bhfoireann uile. Ciarraí abú! Craoladh beo ar TG4 @ 5pm
20/1/2022 Cluiche Ceannais Chorn na Scoileanna Uile-Éireann urraithe ag Pinergy i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann, Tamhlacht, Baile Átha Cliath An scór deireanach: Pobalscoil Chorca Dhuibhne 57 Gaelcholáiste Cheatharlach 34 PCD Abú.
Rith ár gcomhghleacaí, Eoghan Ó Gealbháin ó Thrá Lí maidin inniu i gcuimhne ar a mháthair Anne a fuair bás d’ailse i 2016. Suaimhneas síoraí dá hanam dílis. Tá €13,265 bailithe aige cheana féin ar mhaithe le Cumann Tacaíochta Ailse Chiarraí agus Ospís Chiarraí.
Comhghairdeachas le Ruaidhrí Ó Beaglaoich iarscoláire na scoile agus gradam caide bronnta air agus scoláirí na scoile le feiscint ar an gclár 'An Cumann' ar TG4 aréir. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é!
Tar linn go Mala ar an Satharn chun tacú linn!
Muna féidir leat, beidh an cluiche leath-cheannais Chorn Uí Ógáin á chraoladh beo ar lch Facebook na scoile ó 1.45 ar aghaidh
Go n-éirí go geal leis na buachaillí & leis an mbainistíocht!
🔴⚪
#PCDab
ú 🔴⚪
Óráid den scoth ón gcaptaen Tomás Ó Dubháin tar éis don scoil Corn Uí Mhuirí a bhuachaint don 6ú bhabhta.
🔴⚪🏆
#PCDab
ú 🏆⚪🔴
2012, 2013, 2014,
2015, 2018, 2019
Ard-mholadh do Choláiste Bhréanainn, níl amhras ach go mbuailfimid le chéile arís.
Bua ag na foirne díospóireachta aréir. Comhghairdeachas libh agus le bhur múinteoirí. Tá an dá fhoireann ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile do Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Siúlóid ar siúl Dé Domhnaigh 12 Lúnasa ó Halla le Chéile ag 11am go Sás agus go dtí Srón Bhroin. BBQ i gCé Bhréanainn ina dhiaidh. Beidh an brabús ar fad ag dul go dtí an ‘Intensive Therapy Unit' i CUH agus Tarrtháil Sléibhe Chiarraí i gcuimhne ar Aodhán Ó Conchúir. Caithfear du
Bhuaigh Maxim An Phríomhdhuais do Junk Kouture 2019 le Cinematic! Mar chuid de sin bhuaigh sé scoláireacht go Limerick School of Art and Design agus turas go Cannes Film Festival sa Fhrainc!!Maxim was the overall winner of Junk Kouture 2019! We are so proud of you Maxim.
Comhghairdeachas leis an bhfoireann díospóireachta atá imithe chomh fada le Croabh na hÉireann. Beidh grúpa tacaíochta ag dul leo- go n-éirí go geal leo amárach! Beidh na díospóireachtaí á gcraoladh beo ar leathanach Facebook Molscéal óna 4.30pm amárach.
Comhghairdeachas ó chroí le Sibéal Ní Ógáin, a ainmníodh mar scoláire na bliana ag
#TechF
éile2021 tar éis di bheith páirteach i 5 tionscnamh iontach - dhá ghearrscannán, dhá phodchraoladh & beochan físe.
Maith sibh do ghach éinne eile a bhí páirteach ann
Comhghairdeachas ó chroí le Tom O Sullivan, iarscoláire dár gcuid, a bhuaigh Gradam All-Star sa chaid le déanaí. Peileadóir iontach ab ea é agus é linn anseo sa Phobalscoil agus tá an gradam sin tuillte go maith aige, bail ó Dhia air!
Comhghairdeas le foireann rugbaí na scoile, faoi 16, a bhuaigh Craobh na Mumhan i gcoinne Scoil Phobail Chionn tSáile inniu i gCorcaigh.
Treise libh a bhuachaillí!
Corn Uí Mhuirí, Cluiche ceannais, Dé Satharn, 23/2/19 PCD v Coláiste Bhréanainn, Cill Airne i Staid an Ghearaltaigh Cill Airne @ 2pm. Corn Uí Mhuirí, Munster final. Saturday, 23rd February 2019. PCD vs The Sem Killarney will be played at Fitzgerald`s Stadium, Killarney @ 2pm
Ceiliúradh Dheireadh na Bliana don Idirbhliain 2021: Bronnadh Dalta na Bliana ar Shibéal Ní Ógáin agus bronnadh na duaiseanna Fiontair ar na buaiteoirí éagsúla. Fuair Sibéal Ní Ógáin, Aoife Firtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich taibléad Samsung as an éacht a dheineadar le Fiontar.
Bhain Kieran Ó Catháin bonn airgid amach sa chomórtas caitheamh meáchain sna Mion Cluichí Oilimpeacha.
Ceiliúradh amárach @ 6:30 i.n. i bPáirc an Fhiaidh, Lios Póil. Bígí ann! Comhghairdeachas Kieran! 👏👏👏
Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair, chuaigh Bliain 4 amach ar thuras báid timpeall bhá an Daingin agus chonaiceadar Fungie agus bhí ana-lá acu! Bhí ana-sheans leo leis an aimsir.
Tá Marc Ó Mainnín, Bl 5, ainmnithe ar phainéal Mhionúir Chiarraí! Beidh an cluiche ar siúl ar an Máirt 15 Nollaig i bPáirc Aibhistín de Staic, Trá Lí
@7pm
. Go n-éirí leat a Mharc agus leis an bhfoireann uile/ Marc Ó Mainnín, 5th Year has been named on the Kerry Minor panel!
Ba mhaith linn tréaslú le gach éinne dár ndaltaí a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana i gCill Airne agus míle buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a chabhraigh leo! Táimid an-bhródúil as gach éinne a ghlac páirt ann. Comhghairdeachas speisialta leis na buaiteoirí!
Bua iontach ag foireann cispheile na mbuachaillí sinsearacha inniu, 48 le 21. Bhíodar ag imirt i gcoinne Phobalscoil Naomh Peadar, An Pasáiste Thiar, Corcaigh. Tá siad cáilithe don mBabhta Leathcheannais Uile Éireann anois. Comhghairdeachas libh!
Beidh Conchúir Ó Géibheannaigh, iarscoláire dár gcuid, ina chaptaen ar fhoireann chaide UCC i gComórtas Chorn Sigerson 2022. Tá Niall & Dylan Ó Géibheannaigh agus Cillian Ó Failbhe ar an bhfoireann chomh maith! Comhghairdeachas agus go n-éirí go geal libh i mbliana.
Táimíd fé scáth an bhróin sa Phobalscoil faoi bhás Darryl Broe a chaith roinnt mhaith do bhlianta ag obair lenár scoláirí.Fear cneasta, duine íseal uasal.Leaba i measc na naomh go raibh aige.
Go n-éirí go geal le Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich agus Aoife Feirtéar, Bliain 4, a bheidh ag glacadh páirte i gCraobh na hÉireann i gcomórtas eile Fiontraíochta amárach. Tá obair den scoth déanta agaibh a chailíní.
Bliain 5 ag bualadh bóthair go Springfield, Meiriceá inniu. Ag foghlaim faoin gceangal stairiúil atá idir Corca Dhuibhne agus Springfield. 5th Years on their way to Springfield USA today to learn about the historic ties between our two communities.
Go n-éirí le painéal agus banistíocht Chiarraí ar an nDomhnach, go mór mhór ár n-iarscoláirí Brian Ó Beaglaoich, Tomás Ó Sé, Tom Ó Súilleabháin, Paul Geaney, Mikey Geaney, Conor Geaney agus le Tommy Griffin. Ciarraí abú!
Comhghairdeachas ó chroí lenár n-iarscoláire Devidas Uosis atá imithe chun na hAstráile chun caid a imirt leis na Brisbane Lions. Go n-éirí go geal leis! Congratulations to our past pupil Devidas Uosis who has gone to Australia to play football with the Brisbane Lions!
B'iad Tríona Ní Shúilleabháin agus Oisín Ó Cíobháin na daltaí ó PCD a fuair Sparánacht an Bhlascaoid i mbliana. Comhghairdeachas ó chroí leo beirt! Tacaíocht iontach don nGaolainn agus dár n-oidhreacht é an Sparánacht seo.
Tar go Trá Lí amárach chun tacú linn!
Muna féidir leat, beidh athimirt den gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí á chraoladh beo ag an nasc seo thíos amárach ó 3.45
Go n-éirí go geal leis na buachaillí & an bainistíocht!
🔴⚪
#PCDab
ú 🔴⚪
Tá an Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí buaite ag Glan go Glas, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá Oisín, Cian, Katie, Riona agus Kate cáilithe anois do Chraobh na hEorpa a bheidh ar siúl i Sicil na hIodáile. Tréaslaímid leis na múinteoirí, Trish agus Paula a chabhraigh leo.
Buaite ag na cailíní sóisear sa chaid! Cluiche ceannais, Pláta C na Mumhan. PCD 4:14 v Scoil Mhuire, Carraig na Siúire 0:08. Comhghairdeachas libh! Congratulations to Pobalscoil Chorca Dhuibhne girls and management who won the Munster Post Primary Junior C Final today.
Cluiche Leathcheannais Chorn Uí Mhuirí. PCD v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh. ar siúl i Staid an Ghearaltaigh, Cill Airne ar a 1.30pm, 2ú Feabhra, 2019
Bhuaigh Liam Ó hÓgáin, Finn Dáibhis agus Patrick Saunders Craobh na hÉireann sa chomórtas 'Clár na gComhlachtaí' inné. Comórtas Náisiúnta é seo atá eagraithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag Junior Achievement Ireland.
Tá PCD ana-bhródúil as Siún Ní Eartáin, Sibéal Ní Ógáin agus Malachaí Ó Ciardhubháin a fuair Ainmniúchán sa chomórtas "Young Animator of the Year 2021" An-éacht ó dhaltaí na hIdirbhliana!
Go n-éirí go geal le Foireann CLG Dhaingean Uí Chúis Dé Domhnaigh! Is é an múinteoir Pádraig Ó Conchúir, captaen na foirne agus tá iar-dhaltaí na Pobalscoile ar an bhfoireann chomh maith. Treise leo!
Go n-éirí le foirne caide Chiarraí sna cluichí ag an ndeireadh seachtaine. Tá iar-scoláirí na Pobalscoile ag imirt leo: Louise Ní Mhuircheartaigh, Niamh Ní Chonchúir , Pól Ó Geibhnaigh, Tom Ó Súilleabháín agus Briain Ó Beaglaoich. Guimid gach rath oraibh!
Comhghairdeachas ó chroí le Marc Ó Conchúir, iar-scoláire na scoile as an éacht atá bainte amach aige ar fhoireann Na Geelong Cats a bhuaigh Cluiche Ceannais Caide na hAstráile Dé Sathairn seo caite. Seo mír nuachta ó TG4 faoin ghaiscíoch óg!
Aistriúchán Gaeilge ar
#LostInTheThickOfIt
de chuid
@TheCoronas
, a chan grúpa cailíní ón 3ú bliain le déanaí ag
#TechF
éile2021
Seo chugaibh blaiseadh de “Caillte istigh sa cheo arís”, gearrtha síos beagáinín do Twitter! 🎶
Go leor gradam buaite ag daltaí PCD ag TechFéile / Lots of awards for PCD students at TechFéile! Comhghairdeachas libh agus leis an múinteoir Pádraig Ó Dubhaigh a dhein ualach oibre leo!
Bronnadh Sparántacht an Bhlascaoid na bliana seo ar Shibéal Ní Ógáin agus Antaine Ó Séaghdha in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i rith an deireadh seachtaine. Comhghairdeachas ó chroí libh beirt!
Tá 'Soláithrí Spóirt Chiarraí' ag dul ar aghaidh chuig Craobh na hEorpa a bheidh ar siúl in Iostanbúl! Ní rachaidh do chosaint béil amú níos mó leis an smaoineamh seo ó fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhe – póca ar an stoca peile don chosaint béil!
Corn Uí Ógáin 2014
Rinne Pobalscoil Chorca Dhuibhne éacht agus staire ar an 12ú Aibreán, 2014 nuair a bhuadar ar Choláiste Phádraig, Maghera i bPáirc an Chrócaigh le scór PCD 1-08, Col. Phádraig 1-06. Seo an chéad uair riamh do Chorn Uí Ógáin teacht go Dúthaigh Dhuibhneach.
Bhí ócáid íontach ceiliúradh againn inniú ar scoil in onóir do Phádraig Firtéar, atá ar tí eirí as.
Seo mar a thosnaigh sé - ní raibh sé ag súil leis!
Ag bualadh bob ar an bpríomhoide!
Bus tacaíochta ag fágaint Garáiste Uí Mhóráin ar a 11am Dé Sathairn an 30 Márta ag dul go Mala. Cuiche ag tosnú ar a 2pm. Glaoigh ar Moran's go díreach ag 066-9151155. Supporters' bus is leaving Moran's Garage at 11am on Saturday 30th March, Contact Moran's at 066-9151155.
Tá Maxim Ó Súilleabháin agus an múinteoir Brenda Friel chomh maith le buaiteoirí eile ón gcomórtas Junk Kouture ag Féile Scannánaíochta Cannes, thall sa bhFrainc faoi láthair. Ná breá dóibh! Tá Cinematic ag cur muintir Cannes faoi dhraíocht!/ Maxim in France!
Ba mhaith linn tréaslú le gach éinne dár ndaltaí a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana agus míle buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a chabhraigh leo! Comhghairdeachas speisialta leis na buaiteoirí!